Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Ráiteas Inrochtaineachta

 

Aithníonn Oifig na nOibreacha Poiblí a thábhachtaí atá sé féachaint chuige go bhfuil ár suíomh gréasáin inrochtana do chách. Táimid tiomanta dár suíomh gréasáin a dhéanamh inrochtana de réir  Rialacháin an Aontais Eorpaigh maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí, 2020. Bímid seasta ag obair chun a gcuairt ar an suíomh gréasáin a fheabhsú do na húsáideoirí go léir agus chun an t-inneachar a chur ar fáil don lucht léitheoireachta is fairsinge agus is féidir, iad siúd a úsáideann teicneolaíochtaí cúnta ina measc.

Tá feidhm ag an ráiteas inrochtaineachta seo maidir leis an suíomh gréasáin rivershannongroup.ie

 

Stádas maidir le comhlíonadh

Leantar na Treoirlínte um Inrochtaineacht Ábhar Gréasáin (WCAG) i leith an tsuímh rivershannongroup.ie agus cloítear leo. Trí leibhéal comhlíonta atá i gceist le WCAG: Leibhéal A, Leibhéal AA agus Leibhéal AAA. Ullmhaíodh gach leathanach ar an suíomh gréasáin sa chaoi is go gcomhlíontar caighdeán Leibhéal AA ar a laghad. 

 

Ábhar neamh-inrochtana

  1. I gcás roinnt íomhánna, níl téacs malartach oiriúnach ag gabháil leo.
  2. Tá roinnt íomhánna nach bhfuil saor ó théacs.
  3. Ní leor codarsnacht na ndathanna i roinnt eilimintí sna leathanaigh
  4. Níl an t-ábhar san ord ceart ar roinnt de na leathanaigh.

 

Aiseolas agus faisnéis teagmhála

Is féidir leat dul i dteagmháil linn chun faisnéis a iarraidh nó chun cúnamh a fháil maidir leis an rochtain ar ábhar nó feidhmiúlacht ar bith nach bhfuil inrochtana.

Le haghaidh faisnéise agus fiosrúcháin ghinearálta, déan teagmháil le do thoil le  info@opw.ie

Fáiltíonn Oifig na nOibreacha Poiblí roimh aiseolas uait maidir lena inrochtana atá an suíomh gréasáin agus ár n-uirlisí digiteacha. Cuir in iúl dúinn é le do thoil má thagann tú trasna ar aon deacrachtaí rochtana ar mhaith leat go mbreathnóimis orthu.

Chun aiseolas a thabhairt maidir le hinrochtaineacht an tsuímh gréasáin agus chun deacrachtaí rochtana a chur ar ár súile dúinn, seol ríomhphost chuig  info@opw.ie

 

Gearáin Fhoirmiúla

Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra ó Oifig na nOibreacha Poiblí, féadfaidh tú gearán a dhéanamh faoin Acht um Stádas Comhionann, 2000 (Uimh. 8 de 2000) nó faoin Acht um Míchumas, 2005 (Uimh. 14 de 2005), nó faoin dá cheann.

Gheofar comhairle maidir le gearán a dhéanamh faoin Acht um Míchumas ar shuíomh gréasáin Oifig an Ombudsman.

Gheofar comhairle maidir le gearán a dhéanamh faoin Acht um Stádas Comhionann ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.

 

Ullmhú an Ráitis Inrochtaineachta seo

Tá Oifig na nOibreacha Poiblí faoi réir faireachán a dhéanann an Údarás Náisiúnta Míchumais air faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí, 2020. Táimid tiomanta dár suímh ghréasáin a bheith níos inrochtana agus a chinntiú go bhfuil faisnéis ar fáil do chách.