Róil agus Freagrachtaí
Róil agus Freagrachtaí
I gcás tuile, is iad na húdaráis áitiúla agus na seirbhísí éigeandála a bheidh i bhfeighil na bpríomhchúraimí freagartha ar an leibhéal áitiúil.
Is ar an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil atá an phríomhfhreagracht as comhordú a dhéanamh ar an bhfreagairt ar ghéarchéimeanna aimsire agus tuilte.
Tá an Roinn i mbun an róil sin maidir le géarchéimeanna aimsire agus tuilte ó 2009 i leith. Le linn na ngéarchéimeanna sin, thionóil an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála ‘an Mheitheal Náisiúnta um Chomhordú i gcás Éigeandálaí’ agus rinne sí cathaoirleacht uirthi thar ceann na Roinne.
Le linn tréimhsí drochaimsire, tá sé tábhachtach an t-eolas is déanaí a fháil trí éisteacht le réamhaisnéis na haimsire agus le rabhaidh aimsire agus comhairle ó Met Éireann.
Tá Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) ag treorú cur chuige réamhghníomhach uile-Rialtais maidir leis an mbaol tuile a bhainistiú, lena gcuirtear san áireamh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an athrú aeráide, ar fud trí réimse straitéiseacha:
◾ Cosc – obair foirgníochta a sheachaint i limistéir ina dtarlaíonn tuilte
◾ Cosaint – bearta indéanta a ghlacadh chun limistéir a chosaint ar thuilte
◾ Ullmhacht – pleanáil agus freagairt chun tionchar na dtuilte a laghdú
In 2018, chuir Oifig na nOibreacha Poiblí i gcrích an staidéar is mó riamh a rinne an Stát ar bhaol tuile, CFRAM (clár measúnaithe agus bainistíochta riosca i gcás tuilte dobharcheantair), chun féachaint cé na pobail atá i mbaol ó thuilte a d’fhéadfadh dochar mór a dhéanamh. Bhí sé sin ina threochlár don infheistíocht ón Rialtas i scéimeanna faoisimh tuilte. Is é OOP an t-údarás náisiúnta freisin chun an Treoir ón Aontas Eorpach maidir le Tuilte a chur i bhfeidhm.
Ar bhonn laethúil, déantar na leibhéil uisce ar an tSionainn a bhainistiú de réir prótacail atá comhaontaithe ag Uiscebhealaí Éireann agus Bord Soláthair an Leictreachais. Bíonn an dá chomhlacht sin i dteagmháil le chéile gach lá maidir leis sin agus tá cur chuige comhordaithe acu ina leith. Déantar faireachán laethúil ar leibhéil uisce na Sionainne, agus ar réamhaisnéis na haimsire. Leis sin, cuirtear bonn eolais faoi chinntí maidir le nósanna imeachta i dtaobh bualchomhlaí a oscailt agus a dhúnadh agus maidir le coraí a oibriú, faoi réir na bprótacal comhaontaithe. Má thiteann báisteach throm sa samhradh agus má ardaíonn leibhéal na habhann, déantar an baol go dtarlóidh tuile a mhaolú a mhéid is féidir, trí na gníomhartha sin.
An ról atá ag Bord Soláthair an Leictreachais
Déanann Bord Soláthair an Leictreachais faireachán leanúnach ar na leibhéil uisce ar fud na Sionainne agus leanann sé ag feidhmiú de réir a rialachán agus a threoirlínte maidir le rialú na Sionainne.
Cúraimí Bhord Soláthair an Leictreachais:
- téann sé i gcomhairle leis na húdaráis áitiúla agus le hUiscebhealaí Éireann gach lá nuair a tharlaíonn tuile i Loch Deirgeirt, Loch Rí nó Loch Aillionn;
- foilsíonn sé na leibhéil uisce réamh-mheasta agus na méideanna a cheapfar a sceithfear dhá uair sa tseachtain ar bhonn na réamhaisnéise is nuaí ó Met Éireann;
- foilsíonn sé na leibhéil uisce sna trí loch agus an méid uisce a sceitear ag Ard na Croise gach lá. Tá an fhaisnéis sin ar shuíomh gréasáin Bhord Soláthair an Leictreachais.
- cuireann sé teachtaireacht téacs chuig páirtithe leasmhara áitiúla gach lá faoin sceitheadh ag Cora an Phairtín nuair a bhíonn tuile i Loch Deirgeirt.
Úsáideann Bord Soláthair an Leictreachais uisce na Sionainne chun leictreachas a ghiniúint nuair a thagann sé chomh fada le hArd na Croise. Déantar leibhéal an uisce i Loch Aillionn agus i Loch Rí a bhainistiú chun cabhrú le loingseoireacht, chun féachaint chuige go bhfuil leibhéil íosta uisce i gcomhair loingseoireachta san abhainn le linn tréimhsí tirime agus lena chinntiú go mbíonn na báid slán i gcás tuile.
Bíonn leibhéal Loch Deirgeirt á bhainistiú ag Bord Soláthair an Leictreachais chun leictreachas a ghiniúint, trí oibríocht ag Ard na Croise agus geataí ag Cora an Phairtín. Déanann sé leibhéal an uisce ar Loch Aillionn a bhainistiú leis na comhlaí ag an asraon ag Béal an tSnámha. Ní stórálann sé uisce i Loch Aillionn chun leictreachas a ghiniúint ag Ard na Croise. Déanann sé leibhéal an uisce ar Loch Rí a bhainistiú i dtréimhsí tirime trí bhualchomhlaí a oibriú i mBaile Átha Luáin. Nuair a tharlaíonn tuile, áfach, téann an chuid is mó den uisce thar an gcora 170m taobh leis na bualchomhlaí sin, gan srian ar bith air. Ní stórálann Bord Soláthair an Leictreachais uisce i Loch Rí chun leictreachas a ghiniúint ag Ard na Croise. Ní théann an oibríocht in Ard na Croise ná na geataí ag Cora an Phairtín i bhfeidhm ar na leibhéil uisce ar an tSionainn os cionn Chora Mhílic. Maolaíonn an oibríocht ag stáisiún giniúna Ard na Croise na tuilte sa tSionainn íochtarach trí uisce tuile a atreorú ón tseanabhainn.
An Ról atá ag Uiscebhealaí Éireann
Is é Uiscebhealaí Éireann an t-údarás loingseoireachta atá freagrach as uiscebhealaí inseolta áirithe a bhainistiú, a chothabháil, agus a fhorbairt, ar mhaithe le caitheamh aimsire den chuid is mó, agus déanann sé bainistíocht ar na bualchomhlaí agus na coraí ag Baile Shéamais, Rúscaigh, Tearmann Bearaigh, Míleac agus ag an nGearradh Nua chun críocha loingseoireachta.
Bíonn Bord Soláthair an Leictreachais agus Uiscebhealaí Éireann i gcomhairle le chéile agus déanann siad comhordú ar bhainistíocht na mbualchomhlaí go léir lena rialaítear an leibhéal uisce ar na lochanna agus ar abhainn na Sionainne. Déantar an obair sin seacht lá na seachtaine i rith na bliana. Is é Bord Soláthar an Leictreachais a bhainistíonn na lochanna agus is é Uiscebhealaí Éireann a bhainistíonn an abhainn. Déanann Uiscebhealaí Éireann faireachán réamhghníomhach ar réamhaisnéisí aimsire agus úsáideann sé ionstraimí a thomhaiseann leibhéal an uisce gach lá chun cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le nósanna imeachta i dtaobh bualchomhlaí a oscailt agus a dhúnadh chun an t-uisce a choinneáil ar leibhéal a oireann don loingseoireacht agus chun cloí leis na prótacail a comhaontaíodh le Bord Soláthair an Leictreachais.
Bíonn tionchar ag na hoibríochtaí sin ar na leibhéil uisce ar an tSionainn ach mar gheall ar ghrádán éadomhain na habhann agus an iliomad srianta nádúrtha feadh a cúrsa, ní féidir na leibhéil a rialú go hiomlán, go háirithe nuair a bhíonn tuile sa tSionainn. Bíonn leibhéal na habhann ag brath go príomha ag an méid báistí a thiteann sa dobharcheantar. Is é an aidhm atá ag Uiscebhealaí Éireann na leibhéil loingseoireachta ar an abhainn a choinneáil cobhsaí. A luaithe a ardóidh leibhéal an uisce os cionn an leibhéil loingseoireachta, osclóidh Uiscebhealaí Éireann bualchomhlaí ar an mbonneagar rialaithe ábhartha. Nuair a bhíonn na geataí go léir oscailte, níl aon rud eile is féidir a dhéanamh ionas nach n-ardóidh an t-uisce a thuilleadh.
In 1995, rinneadh leasú ar an Acht Siltin Airtéirigh, 1945 ionas go mbeadh an chumhacht ag Oifig na nOibreacha Poiblí mórscéimeanna faoisimh tuile a chur i bhfeidhm chun cathracha, bailte agus sráidbhailte a bhíonn i mbaol tuile a chosaint.
Chomh maith leis sin, bíonn Oifig na nOibreacha Poiblí ag obair i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla a bhfuil mórscéimeanna faoisimh tuile uirbeacha á reáchtáil acu faoin reachtaíocht pleanála.
Is iad na húdaráis áitiúla a bhíonn ag plé le tuilte áitiúla agus féadfaidh siad oibreacha maolaithe tuile a dhéanamh lena gcuid acmhainní féin. Cuireann OOP maoiniú ar fáil d’údaráis áitiúla faoi na Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint an Chósta chun íoc as mionoibreacha nó staidéir maolaithe tuilte, a chosnaíonn suas le €750,000 an ceann, chun dul i ngleic le fadhbanna maidir le tuilte agus maidir le cosaint an chósta ina limistéir riaracháin féin.
Déanann Iascach Intíre Éireann oibreacha fisiceacha chun caomhnú agus bithéagsúlacht a fheabhsú, agus tacú le héisc fionnuisce agus lena ngnáthóga i réigiún na Sionainne.
Déanann Bord Soláthar an Leictreachais oibreacha fisiceacha chun dambaí a chothabháil ar mhaithe le sábháilteacht i Loch Deirgeirt agus in Abhantrach an Phairtín.
Déanann Uisce Éireann cothabháil chaipitil chun tuilte séaraigh a laghdú agus chun bóithre agus ionaid réadmhaoine a chosaint.
Rialaíonn Bord Soláthar an Leictreachais na cearta iascaireachta feadh na Sionainne agus is í Rannóg um Chaomhnú Iascaigh na heagraíochta sin a thugann faoi chothabháil agus caomhnú na n-acmhainní iascaigh ar fad. Déantar iascach na Sionainne a bhainistiú i gcomhar le hIascach Intíre Éireann, leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus le Foras na Mara. Tá tuilleadh eolais faoi Fheidhm Iascaigh Bhord Soláthar an Leictreachais anseo
Is é Iascach Intíre Éireann an ghníomhaireacht stáit atá freagrach as iascach intíre na hÉireann a chosaint, a bhainistiú agus a chaomhnú agus tá an cúram curtha ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaol air faireachán a dhéanamh ar éisc chun an Creat-Treoir Uisce a chur i bhfeidhm in Éirinn.
Is údarás loingseoireachta é Uiscebhealaí Éireann a bunaíodh faoi reacht. Tá sé freagrach as bainistiú, cothabháil agus forbairt na n-uiscebhealaí sin, chun críocha áineasa go príomha.
Ní mór d’Uiscebhealaí Éireann dul i gcomhairle go forleathan leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, le hIascach Intíre Éireann, leis an gComhairle Contae ábhartha agus leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil sula ndéantar aon chothabháil ar na huiscebhealaí.
Tá ról reachtúil ag Bord Soláthar an Leictreachais ó thaobh leictreachas a ghiniúint in Ard na Croise. Is é an píosa reachtaíochta atá i gceist Acht Leictreachais na Sionainne 1925, an tAcht Leictreachais (Soláthar) 1927 agus an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú) 1934. I dtéarmaí leathana, faoin reachtaíocht sin ceadaítear do Bhord Soláthar an Leictreachais leictreachas a ghiniúint ag Ard na Croise agus bainistiú a dhéanamh ar na coraí, na bualchomhlaí agus oibreacha eile a thagann faoi Scéim na Sionainne.
Déanann Bord na Móna athshlánú ar thailte móna i ndobharcheantar na Sionainne faoin scéim gníomhaithe i leith tailte móna. Tá an scéim sin dírithe ar na tairbhí gníomhaithe aeráide is fearr is féidir a bhaint as athfhliuchadh na dtailte ina mbítí ag táirgeadh móna ar leibhéal tionsclaíochta trí dhálaí taise a chothú ionas go mbeidh gnáthóga portaigh in ann teacht chun cinn ansin arís.
Stop Bord na Móna ag baint mhóna in 2019 agus ó shin i leith tá a chuid lagphortach á ndíchoimisiúnú agus á n-athshlánú aige. Tá roinnt buntáistí comhshaoil ag baint le hathshlánú, agus ina measc sin cothaítear an acmhainn nádúrtha atá ag na portaigh ó thaobh uisce a choinneáil, rud a chuireann moill ar an sruth uisce is é ag dul isteach i loch nó in abhainn.
Is iad na húdaráis áitiúla atá freagrach as bainistíocht éigeandála ina gceantar féin, agus tuilte san áireamh. Ag an leibhéal áitiúil, i ngach limistéar ina dtarlaíonn tuile, cuirtear Foirne Measúnaithe Tuile na nÚdarás Áitiúil i mbun gnímh agus bíonn siad ag feidhmiú gach lá go dtí go mbíonn an tuile thart. Forbraíonn gach údarás áitiúil a Phlean Éigeandála Tuile féin.
Leagtar amach sa Chreat Náisiúnta um Bainistíocht Éigeandála freagairt an Stáit ar thuilte, chun teacht roimh an drochthionchar a d’fhéadfadh a bheith ag tuilte móra.
Is iad na Príomhghníomhaireachtaí Freagartha áitiúla (An Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus na húdaráis áitiúla) a thugann an chéad fhreagra ar éigeandálaí i gceantar ar leith.
Tá an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil ainmnithe faoi Chinneadh Rialtais mar an Phríomhroinn Rialtais ó thaobh comhordú a dhéanamh ar an bhfreagairt ar ghéarchéimeanna, agus aimsir chrua agus tuilte san áireamh.
Ghlac Ballstáit ar fud na hEorpa an Creat-Treoir Uisce sa bhliain 2000. Faoin treoir sin, ceanglaítear go ndéanfar gach uisce (aibhneacha, lochanna, screamhuisce, inbhir, uisce cósta, canálacha agus taiscumair) a chosaint agus go gcuirfear bearta i bhfeidhm lena chinntiú go ndéanfar cáilíocht na n-uiscí sin a athbhunú ionas gur stádas ‘maith’ nó acmhainn mhaith a bheidh acu, ar a laghad, faoi 2027 ar a dhéanaí. Rialaíonn an Treoir na gníomhaíochtaí go léir a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar an gcuspóir sin nó ar cháilíocht nó cainníocht an uisce.
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gceannas ar Phleananna Bainistíochta Abhantraí na tíre a ullmhú agus a chur i bhfeidhm. Tugann an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) treoir maidir le saineolas teicniúil agus eolaíocht. Tá na húdaráis áitiúla freagrach as na Pleananna Bainistíochta Abhantraí a ullmhú agus a chur i bhfeidhm ar an leibhéal áitiúil.
Leagtar amach sna Pleananna Bainistíochta Abhantraí na bearta atá riachtanach chun cáilíocht ár n-uiscí a chosaint agus a fheabhsú. Ullmhaítear na pleananna sin i dtimthriallta 6 bliana, agus ní mór clár beart a chur i bhfeidhm le linn na tréimhse sin chun cuspóirí cáilíochta uisce a bhaint amach.
Tá an Treoir nasctha le treoracha comhshaoil eile de chuid an Aontais Eorpaigh lena n-áirítear treoracha a bhaineann le cosaint na bithéagsúlachta (Treoracha maidir le hÉin agus Gnáthóga), treoracha a bhaineann le húsáidí sonracha a bhaintear as uisce (uisce óil, uisce snámha agus fuíolluisce uirbeach) agus treoracha a bhaineann le rialáil a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a dhéantar sa chomhshaol (treoracha maidir le hAstaíochtaí ón Tionsclaíocht agus le Measúnacht Tionchair Timpeallachta), agus déantar treisiú inti ar na treoracha sin go léir.
Tá an Treoir Níotráití ina cuid dhílis den Treoir freisin agus tá sí ar cheann de na príomhionstraimí chun uisce a chosaint ar bhrú de bharr na talmhaíochta.
Tá GCC freagrach as comhordú a dhéanamh ar an bhfaireachán agus an measúnú ar stádas na ndobharlach sa tír agus as an tuairisciú ar a stádas. Tá baint ag GCC féin leis an bhfaireachán ar cháilíocht an uisce: déanann sé measúnú ar threochtaí agus athruithe, cinneann sé cé na dobharlaigh a bhfuil an baol ann nach gcomhlíonfar a gcuid cuspóirí agus fiosraíonn sé cén chúis atá leis sin. Tá faisnéis achomair maidir le faireachán agus measúnú le feiceáil ar www.epa.ie agus www.catchments.ie.
Faoi Chlár Uiscí na nÚdarás Áitiúil, déantar comhordú ar an obair a dhéanann na húdaráis áitiúla agus comhlachtaí poiblí eile chun an Plean Bainistíochta Abhantraí a chur i bhfeidhm, agus tacaítear le rannpháirtíocht an phobail áitiúil agus na bpáirtithe leasmhara i mbainistiú ár n-uiscí nádúrtha, ar mhaithe le gach duine.
Leag GCC an cúram ar Iascach Intíre Éireann faireachán a dhéanamh ar éisc in Éirinn faoin gCreat-Treoir Uisce. Leag GCC an cúram ar Uiscebhealaí Éireann faireachán a dhéanamh ar cháilíocht uisce sna canálacha in Éirinn.
Tá an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra lán-chomhtháite i Rannóg Oidhreachta na Roinne agus tá freagracht uirthi as oidhreacht nádúrtha agus bithéagsúlacht na hÉireann a chosaint agus a chaomhnú ar leibhéal an rialtais náisiúnta. I measc na bhfreagrachtaí atá ar an tSeirbhís, ní mór di gnáthóga agus speicis a chosaint trí láithreáin a ainmniú ina Limistéir Chaomhantais Speisialta (LCS), ina Limistéir faoi Chosaint Speisialta agus ina Limistéir Oidhreachta Nádúrtha. Cuireann sí chun cinn gníomhaíochtaí a mheastar a bheith tairbheach chun na láithreáin sin a chaomhnú agus a athchóiriú.
Riarann an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra córas ceadúnaithe chun rialú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a théann i bhfeidhm ar ghnáthóga nó speicis in Éirinn. Tá sí freagrach freisin as Plean Náisiúnta Bithéagsúlachta na hÉireann a chur i bhfeidhm, as an Reachtaíocht um Chaomhnú Dúlra a chur i bhfeidhm agus as coinbhinsiúin agus comhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann leis an oidhreacht nádúrtha a dhaingniú agus a chur i bhfeidhm.