Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Fianáin

Is píosaí beaga faisnéise iad fianáin, agus stóráiltear iad i gcomhaid téacs shimplí, a chuireann suíomh gréasáin ar do ríomhaire. Is féidir leis an suíomh gréasáin roinnt fianán a léamh nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh arís ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh baint a bheith ag an bhfaisnéis atá stóráilte i bhfianán le do ghníomhaíochtaí brabhsála ar an suíomh gréasáin, nó d’fhéadfadh aitheantóir uathúil a bheith i gceist ionas gur féidir leis an suíomh gréasáin ‘cuimhneamh’ ort nuair a thiocfaidh tú ar ais. I gcás fianáin eile, scriostar iad nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí agus ní bhaineann siad ach le feidhmiú an tsuímh gréasáin. Ní bhíonn faisnéis phearsanta sna fianáin ar gov.ie ónar féidir tú a aithint.

 

 

Fianáin ar an suíomh gréasáin seo

Ar fhormhór na mbrabhsálaithe, is féidir leat fianáin a mhúchadh nó do shocruithe maidir leo a shaincheapadh. Le fáil amach conas é sin a dhéanamh, féach ar an roghchlár ‘Cabhair’ ar do bhrabhsálaí. Má mhúchann tú fianáin nó má athraíonn tú do shocruithe, seans nach n-oibreoidh roinnt gnéithe den suíomh gréasáin i gceart.

 

Úsáideann Oifig na nOibreacha Poiblí fianáin chun staitisticí maidir leis na húsáideoirí a bhailiú, ar bhonn anaithnid, agus chun an suíomh a chosaint ar ionsaí mailíseach.