Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
unnamed

Ceisteanna Coitianta

Is casta an rud é scéimeanna faoisimh tuile a chur i bhfeidhm agus ní mór fianaise a bhailiú faoi go leor saincheisteanna teicniúla agus tuairimí a bhailiú ó go leor páirtithe leasmhara. Cé go nglactar cur chuige bainistíochta tionscadail chun na tionscadail go léir a chur i bhfeidhm, is iomaí saincheist, idir chinn a mbíonn a fhios againn fúthu roimh ré agus iad siúd nach mbíonn coinne againn leo, a chuireann moill ar an gclár sceidealaithe. D’fhéadfadh dálaí ar an láthair, fionnachtana seandálaíochta agus deacrachtaí i dtaobh úinéirí talún a bheith i gceist leo sin. Ina theannta sin, cé go bhfuil cinntí pleanála agus athbhreithnithe breithiúnacha tábhachtach ó thaobh próis chuí, is mó ama a thógann sé le tamall anuas tionscadail a chur i bhfeidhm dá mbarr.

 

Téann Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) i gcomhairle go forleathan agus go réamhghníomhach le cónaitheoirí, úinéirí gnó agus pobail áitiúla a bhfuil tionchar ag baol (nó ‘priacal’) tuile ar a gcuid réadmhaoine agus ar a gcuid tailte, agus leo siúd a bhfuil tábhacht mhór lena gcuid tailte chun scéim faoisimh tuile a thógáil. Bíonn babhtaí comhairliúcháin agus rannpháirtíocht phoiblí níos leithne ar siúl ag Oifig na nOibreacha Poiblí freisin maidir lena tionscadail faoisimh tuile go léir agus maidir le hobair chothabhála a dhéantar faoi na scéimeanna. Baineann tábhacht leis na tuairimí ó na páirtithe leasmhara go léir chun léargas a thabhairt ar an mbaol go dtarlódh tuile agus chun bonn eolas a chur faoi na réitigh chun an baol sin a bhainistiú, ar bhealach a mhaolaíonn an tionchar ar an gcomhshaol.

In 2009, ar bhonn comhairle ó OOP, d’ullmhaigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (RTRÁO) Treoirlínte ar an gCóras Pleanála agus Bainistíocht Riosca Tuile, ina leagtar amach dianchur chuige maidir le measúnú a dhéanamh ar an mbaol tuile nuair a bhíonn pleananna forbartha á mbreithniú agus iarratais phleanála á measúnú.

 

Ó shin i leith, tá OOP ag déanamh athbhreithniú ar dhoiciméid phleanála lena chinntiú go gcuirtear na treoirlínte sin i bhfeidhm chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn. Áiríodh leis na doiciméid sin na Straitéisí Réigiúnacha Spáis agus Eacnamaíochta, pleananna forbartha agus pleananna ceantair áitiúil. Níl aon ról ag OOP maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar iarratais phleanála aonair.

 

Chuir OOP léarscáileanna ar fáil do RTRÁO ar fhairsinge na dtuilte i leith an 300 limistéar a ndearnadh staidéar orthu faoin gClár Náisiúnta Measúnaithe agus Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte Dobharcheantair (CFRAM). Úsáidtear na léarscáileanna sin chun críocha pleanála.

In 2014, chuir Uisce Éireann tús le próiseas ceithre chéim chun foinse oiriúnach nua soláthair uisce a aimsiú do Réigiún an Oirthir agus Lár na Tíre. Tá staidéir agus taighde fairsing déanta chun gach rogha soláthair féideartha a aithint agus a mheas chun freastal ar na riachtanais a bheidh ag an réigiún ó thaobh soláthar uisce de.

 

Aithníodh scéim Abhantrach an Phairtín mar chéad rogha mar gurb í an rogha óna n-eascraíonn an tairbhe is mó don líon is mó daoine agus ar lú a tionchar ar an gcomhshaol agus gurb í an rogha is costéifeachtaí í.

 

Cuimsítear faoi scéim Abhantrach an Phairtín asbhaint uisce ón gcuid íochtarach den tSionainn ag Abhantrach an Phairtín i gCo. Thiobraid Árann, agus cóireáil uisce in aice láimhe ag Cnocán an Éin Fhinn. Chuirfí uisce cóireáilte trí phíoba 170 km chuig taiscumar i Mullach na Pise i gContae Bhaile Átha Cliath Theas, agus ag aghaidh chuig líonra Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. Chuirfí soláthar uisce cóireáilte ar fáil do phobail Lár na Tíre feadh an bhealaigh. Tá an t-eolas is déanaí faoin tionscadal le fáil ag www.watersupplyproject.ie

Tá roinnt comhlachtaí éagsúla freagrach as gnéithe den obair chothabhála ar an tSionainn:

  1. Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) freagrach as cothabháil a dhéanamh ar na scéimeanna draenála artairí a cuireadh i gcrích faoi na hAchtanna Siltin Airtéirigh, 1945 agus 1995, arna leasú. Is é bainistíocht siolta agus fásra sna huiscebhealaí an ghníomhaíocht chothabhála is forleithne, agus is iondúil gur gá cothabháil a dhéanamh ar uiscebhealach gach ceithre go sé bliana. Tá freagracht ar OOP as scéimeanna faoisimh tuile a chothabháil.
  2. Is iad na húdaráis áitiúla atá freagrach as cothabháil a dhéanamh ar oibreacha draenála a dhéantar áit a mbíodh limistéir dhraenála;
  3. Uiscebhealaí Éireann freagrach as cothabháil an uiscebhealaigh loingseoireachta;
  4. Bord Soláthair an Leictreachais freagrach as a bhonneagar a chothabháil.
  5. Déanann Iascach Intíre Éireann oibreacha fisiceacha chun caomhnú agus bithéagsúlacht a fheabhsú, agus tacú le héisc fionnuisce agus lena ngnáthóga i réigiún na Sionainne.

In 2016, d’aontaigh an Rialtas go mbunófaí Seirbhís Náisiúnta um Réamhaisnéis agus Rabhaidh Tuilte (NFFWS) ionas gur fearr a bheadh an pobal agus na húdaráis áitiúla in ann beart ullmhúcháin a dhéanamh chun tionchar na dtuilte a laghdú.

Tá Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) ina cathaoirleach ar Ghrúpa Stiúrtha NFFWS. Ar an nGrúpa Stiúrtha sin freisin tá ionadaithe ó Met Éireann, ón Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála de chuid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ó Chumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach, chun bunú na Seirbhíse nua a stiúradh.

Tá plean cur chun feidhme aontaithe ag an nGrúpa Stiúrtha i gcomhair Chéim I d’fhorbairt chéimneach NFFWS agus tá dul chun cinn nach beag déanta go dtí seo maidir lena fhorbairt. Baineann Céim I go príomha le bunú na Seirbhíse tá na príomhchúraimí seo a leanas i gceist léi:

  1. Earcaíocht agus oiliúint foirne
  2. Cóiríocht a sholáthar
  3. Sonraí hidriméadracha agus meitéareolaíochta fíor-ama a sholáthar don tSeirbhís
  4. Samhlacha hidreolaíocha (samhlacha abhann) a fhorbairt le haghaidh réamhaisnéis tuilte
  5. An tSamhail Réamhaisnéise Náisiúnta um Thaoide agus Borradh Stoirme a aistriú chuig Met Éireann
  6. Córas Cumarsáide na hÉireann um Fhaisnéis faoi Thuilte a fhorbairt

Is ardán ar líne é Córas Cumarsáide Comhtháite na hÉireann um Fhaisnéis faoi Thuilte (IFICS), arna fhorbairt ag Met Éireann, a úsáidtear chun réamhaisnéisí tuilte, breathnuithe aimsire agus breathnuithe hidreolaíocha a sholáthar, agus chun Ráitis Treorach Tuile Laethúla a eisiúint ar bhonn trialach do ghníomhaireachtaí áirithe. Tá oiliúint curtha ag Met Éireann ar údaráis áitiúla i dtaobh conas an córas a úsáid agus na réamhaisnéisí a thuiscint.

Nuair a bheidh an tSeirbhís sin i bhfeidhm go hiomlán, rachaidh sí go mór chun tairbhe pobal agus daoine aonair agus iad ag ullmhú i gcomhair tuilte agus chun tionchar na dtuilte a laghdú. Coinneofar ar bun na córais agus socruithe réamhaisnéise agus rabhaidh tuilte atá ann faoi láthair go dtí go mbeidh an tSeirbhís náisiúnta faoi lánseoil.

Sainaithnítear sna Pleananna Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte (Pleananna Tuilte) an riosca aitheanta ó thuilte sna pobail is mó atá i mbaol agus leagtar amach iontu cuspóirí comhaontaithe an Rialtais chun díriú ar ghníomh indéanta agus acmhainní a chur i bhfeidhm sna limistéir inar mó an tairbhe atá le baint astu.

 

Trí dhíriú ar na pobail sin atá i mbaol, is cúnamh iad na Pleananna Tuilte ó thaobh faisnéis a sholáthar faoi na bearta lenar féidir dul i ngleic le tuilte ar fud na tíre. Cabhraíonn na Pleananna Tuilte le cur leis an bhfeasacht ar bhaol tuile, le feabhas a chur ar an tuiscint a bhíonn againn ar conas is féidir le tuilte dul i bhfeidhm orainn, agus lena léiriú mar is féidir le daoine agus le pobail pleanáil chun maolú a dhéanamh ar dhamáiste de bharr tuilte ina gceantair féin.

 

Tá na Pleananna Tuilte ar fáil ag www.floodinfo.ie

Déanann Oifig na nOibreacha Poiblí raon iomlán measúnachtaí comhshaoil i leith ghníomhaíochtaí éagsúla amhail pleananna a fhorbairt chun riosca tuile a bhainistiú, scéimeanna faoisimh tuile agus cothabháil a dhéanamh ar scéimeanna draenála artairí dá cuid (uiscebhealaí, claífoirt chosanta i gcoinne tuilte agus struchtúir ghaolmhara). 

Áirítear ar na príomh-mheasúnachtaí a dhéanann Oifig na nOibreacha Poiblí:

  1. Measúnachtaí Straitéiseacha Timpeallachta
  2. Measúnachtaí Tionchair Timpeallachta
  3. Measúnachtaí Cuí
  4. Measúnachtaí Éiceolaíochta

Is éard is Measúnacht Chuí ann ná measúnacht ar an drochthionchar a d’fhéadfadh a bheith ag plean nó tionscadal (i gcomhcheangal le pleananna nó tionscadail eile) ar Limistéir Chaomhantais Speisialta agus ar Limistéir faoi Chosaint Speisialta.

 

Cuimsítear sa Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta cineálacha cur chuige anailíseacha agus rannpháirtíocha a bhfuil sé ina aidhm leo breithnithe comhshaoil a chomhtháthú i mbeartais, i bpleananna agus i gcláir agus measúnú a dhéanamh ar na naisc atá ag na réimsí sin le cúinsí eacnamaíocha agus sóisialta.

 

Le Measúnacht Éiceolaíochta, féachtar chuige go ndéantar mór-iarmhairtí éiceolaíochta féideartha a mheas go hiomlán, a mhaolú agus a chur in iúl do lucht cinnteoireachta a bhíonn ag plé le togra.

 

Uirlis is ea Measúnacht Tionchair Timpeallachta a úsáidtear chun móréifeachtaí tionscadail nó togra fhorbartha ar an gcomhshaol a mheas.

Is iad árachóirí aonair a chinneann an gcuirfear clúdach árachais ar fáil, leibhéal na bpréimheanna a ghearrfar agus téarmaí na bpolasaithe a chuirfear i bhfeidhm. Déanann cuideachtaí árachais cinntí tráchtála maidir le clúdach árachais a sholáthar bunaithe ar an measúnú a dhéanann siad ar na rioscaí a mbeidís ag glacadh leo i leith gach cáis aonair.

Is féidir leat do chás féin a phlé le Insurance Ireland agus tá sonraí teagmhála anseo. Má tá gearán agat faoi do chás féin agus tú ag plé le cuideachta árachais agus mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra deiridh ón gcuideachta sin, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais. Tá sonraí maidir le conas gearán a dhéanamh anseo. Is féidir gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais agus Pinsean agus ní ghearrtar táille ar bith air sin.

Tá dualgas reachtúil ar na húdaráis áitiúla agus ar Oifig na nOibreacha Poiblí a gcuid scéimeanna Draenála Artairí faoi seach a chothabháil i gceart agus dea-bhail a choinneáil orthu, nuair a bhíonn na scéimeanna sin curtha i gcrích. Ní thagann gach sruthchúrsa sa tír faoi na Scéimeanna Draenála Artairí (agus an chothabháil a dhéantar fúthu), lena n-áirítear sruthchúrsaí a théann trí thalamh atá ar úinéireacht ag comhlachtaí reachtúla agus neamhreachtúla eile, nó gar don talamh sin.

 

Tá treoirdhoiciméad ullmhaithe ag OOP: : Living Near Watercourses: A Guide to the Rights and Responsibilities of Landowners chun cabhrú le húinéirí talún nó réadmhaoine ar bhruach sruthchúrsa, bíodh sruthchúrsa nádúrtha nó ceann saorga i gceist. Is iondúil gur ‘bruachúinéirí’ a thugtar ar na daoine sin. Ní mór do bhruachúinéirí a bheith ar an eolas faoina gcearta agus a bhfreagrachtaí maidir le sruthchúrsaí. Tá roinnt comhairle phraiticiúil sa treoirdoiciméad ar líne, agus cúnamh maidir le sruthchúrsaí a bhainistiú.

Tá treoir foilsithe ag OOP chun cabhrú le húinéirí tí, gnólachtaí agus feirmeoirí pleanáil agus ullmhú chun iad féin agus a slite beatha a chosaint, agus tionchar tuile a laghdú.  Tugtar faisnéis teagmhála na n-eagraíochtaí a d’fhéadfadh cuidiú leat má tharlaíonn tuile.  Tá an fhaisnéis sin ar fáil ag www.flooding.ie

Faoi fheachtas an Rialtais ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’, tugtar comhairle luachmhar freisin chun déileáil le babhtaí aimsire crua.

Tá an fhreagairt ar éigeandálaí aimsire á stiúradh ar an leibhéal áitiúil, ar an gcéad dul síos, ag údaráis áitiúla atá ainmnithe ina bPríomhghníomhaireacht chun freagairt do bhabhtaí aimsire crua.

 

Ina ról mar Phríomhghníomhaireacht, comhlíonann údaráis áitiúla roinnt feidhmeanna le linn na céime freagartha agus coinníonn siad orthu ag déileáil le saincheisteanna téarnaimh i gcomhar le gníomhaireachtaí eile a bhfuil freagracht orthu. Áirítear le ról an údaráis áitiúil:

  • Freagra na ngníomhaireachtaí éagsúla a chomhordú;
  • Faireachán a dhéanamh ar réamhaisnéisí/foláirimh/rabhaidh chun bearta freagartha a chur i bhfeidhm ar scála cuí;
  • Cosaintí Tuilte a oibriú agus málaí gainimh a chur amach;
  • Smionagar agus crainn tite a thabhairt chun bealaigh;
  • Tarrtháil ó Thuilte agus pumpáil uisce; agus
  • Cumarsáid leis an bpobal.

 

Cuireann Met Éireann scéala díreach chuig údaráis áitiúla nuair a mheastar go bhfuil aimsir chrua ar an mbealach agus faigheann Foireann um Measúnú ar Bhabhtaí Aimsire Crua san údarás áitiúil na rabhaidh sin. Déanann an Fhoireann sin bearta chun freagairt ar scála cuí agus lena chinntiú go bhfuil na hacmhainní cuí i bhfeidhm. Cuidíonn an cur chuige sin le húdaráis áitiúla an staid a mheas agus freagra a ullmhú.

 

Nuair is gá sin, téann údaráis áitiúla i gcomhairle leis na Príomhghníomhaireachtaí Freagartha eile (FSS, An Garda Síochána) agus nuair is gá déanann siad struchtúir idirghníomhaireachta a ghníomhachtú chun an fhreagairt a bhainistiú.

 

Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (RTRÁO) ainmnithe ina Príomh-Roinn Rialtais chun comhordú a dhéanamh ar an bhfreagairt náisiúnta ar aimsir chrua agus tuilte. Tá ról mór tacaíochta ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt mar go bhfuil earnáil an iompair ar cheann acu siúd is mó a ghoilleann an aimsir chrua orthu.

 

Tá sé de chúram ar an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála (NDFEM), atá faoi chúram na Roinne sin, rabhaidh aimsire agus tuairiscí ar tharlúintí ar fud na tíre a fháil agus measúnú a dhéanamh orthu. I gcás éigeandálaí a bhféadfadh dul i bhfeidhm ar an tír go léir, féadfaidh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cinneadh a dhéanamh Grúpa Comhordaithe Éigeandála Náisiúnta a thionól.

Eisíonn Met Éireann comhairle suas le seachtain roimh ré nó mar sin chun faisnéis a thabhairt go luath faoi aimsir a bhféadfadh contúirt a bheith ag baint léi. Foilsíonn Met Éireann comhairle agus sonraí faoi rabhaidh aimsire ar a shuíomh gréasáin féin.

 

Íoslódáil Aip Met Éireann le haghaidh réamhaisnéis mhionsonraithe 10 lá i leith do cheantair féin agus chun clárú le haghaidh fógraí rabhaidh.

Tá Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) ag comhordú cur chuige uile-Rialtais na hÉireann maidir le riosca tuile a bhainistiú ar fud trí réimse straitéiseacha agus réimse beartais:

  • cosc – trí obair foirgníochta a sheachaint i gceantair ina mbíonn tuilte,
  • cosaint – trí bhearta indéanta a dhéanamh, idir chinn struchtúracha agus chinn neamhstruchtúracha, chun an baol go dtarlódh tuilte a laghdú agus a dtionchar a mhaolú, agus
  • ullmhacht – tríd an bpobal a chur ar an eolas maidir le déileáil leis an mbaol go dtarlóidh tuile agus leis na tuilte féin.
  •  

I measc na n-éachtaí móra a baineadh amach go dtí seo:

  • rinneadh próifíliú ar na príomhlimistéir ina bhfuil an baol go dtarlóidh tuile, tríd an gClár Measúnaithe agus Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte Dobharcheantair (CFRAM),
  • rinne an Rialtas infheistíocht nach beag (bearta struchtúracha) ó 1995 i leith chun damáiste de bharr tuilte a laghdú,
  • tugadh isteach treoirlínte pleanála in 2009 chun tógáil ar thuilemhánna a sheachaint, agus dul chun cinn a dhéanamh maidir le freagairt do thuilte.

Tá an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) freagrach as údarú a dhéanamh ar gach gníomhaíocht diúscartha agus aisghabhála dramhaíola ar scála mór. Ceadaíonn GCC gníomhaíochtaí áirithe san earnáil dramhaíola. Áirítear orthu sin líonta talún, stáisiúin aistrithe, diúscairt dramhaíola guaisí, athchúrsáil long agus mórghníomhaíochtaí eile diúscartha agus aisghabhála dramhaíola.

 

Is é GCC an t-údarás inniúil chun an fhoirm cheart údaraithe a chinneadh i gcás aon ghníomhaíochta dramhaíola aonair atá beartaithe.

Féadfaidh údaráis áitiúla iarratas a dhéanamh chuig Oifig na nOibreacha Poiblí ar mhaoiniú faoin Scéim Mionoibreacha um Maolú Tuilte agus Cosaint an Chósta. Faoin scéim sin, cuirfear maoiniú ar fáil i gcomhair mionoibreacha nó staidéar um maolú tuilte, a chosnaíonn suas le €750,000 an ceann, chun dul i ngleic le fadhbanna áitiúla maidir le tuilte agus maidir le cosaint an chósta.  Déantar gach iarratas a mheas faoi na critéir incháilitheachta don scéim.  Caithfidh aon bhearta a mholtar a bheith tairbheach ó thaobh costais de, agus braitheann an maoiniú ar an bhfáil fhoriomlán atá ar mhaoiniú ó Oifig na nOibreacha Poiblí.

Thug an Rialtas isteach an Scéim Dheonach um Athlonnú Úinéirí Tí in 2017 chun aghaidh a thabhairt ar an dochar mór a rinneadh do thithe i ngeimhreadh 2015/16, agus tithe ar bhuail tuilte turlaigh iad san áireamh.

Scéim aonuaire a bhí i gceist. Le bheith incháilithe do chúnamh, bhí ar úinéir tí roinnt coinníollacha a chomhlíonadh, lena n-áirítear go ndeachaigh uisce tuile isteach san fhoirgneamh agus go ndearnadh dochar dó mar gheall ar thuilte a tharla ar dhátaí ábhartha, sa chaoi is nach bhféadfaí cónaí ann, agus nach bhfuil aon réiteach innealtóireachta ann a sheasfadh an fód lena bhféadfaí an foirgneamh a chosaint ó thuilte amach anseo.

 

Faoin Scéim náisiúnta sin, cuireadh in iúl do OOP cé na tithe a d’fhéadfadh a bheith incháilithe ina leith ar dhá bhealach: thug na húdaráis áitiúla tuairisc fúthu nó chuir na húinéirí tí féin in iúl go raibh suim acu sa scéim.. Rannpháirtíocht dheonach sa scéim atá i gceist.

 

Bainfidh roinnt úinéirí tí leas as tionscadail innealtóireachta atá pleanáilte, a chosnóidh a dtithe ó thuilte amach anseo, amhail scéimeanna faoisimh tuile atá beartaithe agus tionscadail de chuid údaráis áitiúil atá á maoiniú faoin Scéim Mionoibreacha um Maolú Tuilte agus Cosaint an Chósta atá á reáchtáil ag Oifig na nOibreacha Poiblí. Chomh maith leis na tionscadail sin, sainaithníodh oibreacha feabhsúcháin i leith roinnt tithe a mbeadh a n-úinéirí incháilithe le haghaidh athlonnú murach sin, sa chás nach raibh aon fhoinse maoinithe eile ann dóibh.

 

Sa chás nach bhféadfaí réiteach innealtóireachta a chur i bhfeidhm, thairg OOP cúnamh airgeadais do roinnt úinéirí tí a bhí incháilithe ina leith, rud a chuir ar a gcumas dóibh áit chónaithe eile a cheannach nó a thógáil faoin Scéim.

Bíonn an-teacht aniar sa phobal feirmeoireachta le linn aimsir chrua. Mar sin féin, cuireann Teagasc sainchomhairle ar fáil faoi fhadhbanna de bharr na haimsire, ar bhonn an dea-chleachtais, do na hearnálacha éagsúla talmhaíochta agus foilsítear an chomhairle sin ar shuíomh Teagasc agus ar www.agriculture.gov.ie 

 

Tá comhairle do theaghlaigh feirme ullmhaithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, in éineacht le Teagasc agus leis an Oifig um Pleanáil Éigeandála, maidir le pleanáil le haghaidh tionchar na haimsire crua ar bheostoc agus ar an bhfeirmeoireacht i gcoitinne. Tá an chomhairle sin sa leabhrán ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’ ón Oifig Pleanála Éigeandála. Tá cóipeanna den leabhrán ar fáil anseo.

 

Chomh maith leis sin, feidhmíonn an Roinn Líne Chabhrach um Leas Ainmhithe (076-1064408/01-6072379) (nó cuir ríomhphost chuig animalwelfare@agriculture.gov.ie) ar féidir le feirmeoirí dul i dteagmháil léi i gcás farae a bheith gann nó i ndáil le hábhair eile a bhaineann le leas ainmhithe. Ba cheart d’fheirmeoirí pleanáil i bhfad roimh ré chun an tionchar a bhíonn ag an aimsir chrua ar a ngníomhaíochtaí feirmeoireachta a íoslaghdú.  Ba cheart d’fheirmeoirí éisteacht leis an nuacht agus le réamhaisnéis na haimsire, agus gan dearmad a dhéanamh gur slí bheatha chontúirteach í an fheirmeoireacht i gcónaí ach gur fíor sin go háirithe san aimsir chrua.

Níl le Bord na Móna ach 2% den talamh i nDobharcheantar na Sionainne agus níos lú ná 20% de na tailte móna sa Dobharcheantar. Cuireadh deireadh le baint mhóna ar phortaigh uile Bhord na Móna in 2019 agus ó shin i leith tá athshlánú déanta ar chuid mhór de na portaigh sin i ndobharcheantar na Sionainne. Ní bhíonn gníomhaíochtaí i mbaol de bharr tuilte a thuilleadh.

Tá Scéim um Ghníomhú Aeráide i leith Tailte Móna, atá á rith ag Bord na Móna, dírithe ar stóráil carbóin, astaíochtaí a laghdú agus ceapadh carbóin a spreagadh. Tá na tailte á n-úsáid freisin chun bithéagsúlacht a fheabhsú, chun bonneagar mór fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt agus ionas go mbeidh muintir na háite in ann leas a bhaint astu chun críocha taitneamhachta amach anseo.

 

Agus na portaigh á mbainistiú aige, feidhmíonn Bord na Móna faoi cheadúnais um Rialú Comhtháite ar Thruailliú (IPC), arna bhforfheidhmiú ag GCC, agus caithfidh sé cloí le coinníollacha na gceadúnas sin. Áirítear orthu sin oibleagáidí maidir le siolta a rialú, lagphortach a chobhsú, agus araile. Bheadh cothú tuile d’aon ghnó ar phortach ar bith ina shárú ar na coinníollacha ceadúnais sin.

I gcás tuile, is iad na húdaráis áitiúla agus na seirbhísí éigeandála a bheidh i bhfeighil na bpríomhchúraimí freagartha ar an leibhéal áitiúil.

Is ar an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil atá an phríomhfhreagracht as comhordú a dhéanamh ar an bhfreagairt ar ghéarchéimeanna aimsire agus tuilte.

Tá an Roinn i mbun an róil sin maidir le géarchéimeanna aimsire agus tuilte ó 2009 i leith. Le linn na ngéarchéimeanna sin, thionóil an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála ‘an Mheitheal Náisiúnta um Chomhordú i gcás Éigeandálaí’ agus rinne sí cathaoirleacht uirthi thar ceann na Roinne.

Le linn tréimhsí drochaimsire, tá sé tábhachtach an t-eolas is déanaí a fháil trí éisteacht leis an bhfaisnéis aimsire agus le rabhaidh aimsire ó Met Éireann.

Tabhair cuairt ar www.flooding.ie i gcomhair treoir phraiticiúil d’úinéirí tí agus gnólachtaí a d’fhéadfadh a bheith i mbaol tuile.