Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
unnamed

Infheistíocht

Boat on river

Infheistíocht

Tá €1.3 billiún geallta thar shaolré an Phlean Forbartha Náisiúnta go dtí 2030 chun thart ar 23,000 ionad réadmhaoine a chosaint i bpobail atá i mbaol tuile ó aibhneacha nó tuilte cósta. Nuair a bheidh na bearta sin curtha i gcrích, beidh cosaint ag 95% de na hionaid réadmhaoine a aithníodh go bhfuil baol nach beag ann go bhféadfadh tuilte dul i bhfeidhm orthu. Tá 49 scéim cosanta tuilte san iomlán beartaithe do Cheantar Abhantraí na Sionainne. Tá 13 scéim acu sin curtha i gcrích cheana féin, ar bhonn infheistíocht de bhreis is €70 milliún.

 

Infheisteofar breis is €300 milliún eile chun íoc as 36 scéim eile a chuirfear i bhfeidhm in dhá chéim sna blianta amach romhainn. Tá 25 scéim acu sin idir lámha cheana féin agus iad ag céimeanna éagsúla ó fhorbairt cásanna gnó agus pleanáil, dearadh agus forbairt, tríd síos go dtí cur i bhfeidhm agus tógáil.