Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
unnamed

Bainistiú na Leibhéal Uisce ar an tSionainn

Déantar na leibhéil uisce a bhainistiú ar an tSionainn trí bhualchomhlaí a oscailt agus a dhúnadh áit a dtagann uisce amach as na trí loch mhóra, agus leis na bualchomhlaí agus na coraí ag Baile Shéamais, Rúscaigh, Tearmann Bearaigh, Míleac agus ag an gcanáil nua (the New Cut). Bíonn tionchar ag na hoibríochtaí sin ar na leibhéil uisce ar an tSionainn ach mar gheall ar ghrádán beag na habhann agus an iliomad srianta nádúrtha a bheith feadh a cúrsa, ní féidir na leibhéil a rialú go hiomlán, go háirithe nuair a bhíonn tuile sa tSionainn. Bíonn leibhéal na habhann ag brath go príomha ag an méid báistí a thiteann sa dobharcheantar.

Déanann Bord Soláthair an Leictreachais leibhéal an uisce ar Loch Aillionn a bhainistiú leis na comhlaí áit a dtagann uisce as an loch i mBéal an tSnámha.

Déanann Bord Soláthair an Leictreachais leibhéal an uisce ar Loch Rí a bhainistiú trí bhualchomhlaí a oibriú i mBaile Átha Luain. Nuair a tharlaíonn tuile, áfach, téann an chuid is mó den uisce gan srian thar an gcora 170m atá taobh leis na bualchomhlaí i mBaile Átha Luain. Tugann Uiscebhealaí Éireann cúnamh leis an obair sin i mBaile Átha Luain, agus treorach ón ESB á leanúint acu.

Bíonn an leibhéal uisce i Loch Deirgeirt á bhainistiú ag Bord Soláthair an Leictreachais chun leictreachas a ghiniúint, trí oibríocht ag Ard na Croise agus trí bhualchomhlaí ag Cora an Phairtín. Ní théann an oibríocht in Ard na Croise ná na bualchomhlaí ag Cora an Phairtín i bhfeidhm ar na leibhéil uisce ar an tSionainn os cionn Chora Mhílic.

Déantar leibhéal an uisce i Loch Aillionn agus i Loch Rí a bhainistiú chun cabhrú le loingseoireacht, chun féachaint chuige go mbeidh dóthain uisce ag na báid san abhainn le linn tréimhsí tirime agus lena chinntiú go mbeidh siad sábháilte le linn tuile. Déantar na leibhéil uisce idir na lochanna a bhainistiú chun críocha loingseoireachta.

Is é Uiscebhealaí Éireann a bhainistíonn na comhlaí agus na coraí ag Baile Shéamais, Rúscaigh, Tearmann Bearaigh, Míleac agus ag an gcanáil nua. Is í feidhm na gcoraí sin ná an leibhéal uisce a choinneáil seasmhach i rith an tsamhraidh ionas gur féidir le báid na huiscebhealaí a úsáid. Nuair a bhíonn na bualchomhlaí go léir oscailte, níl aon rud eile is féidir a dhéanamh ionas nach n-ardóidh an t-uisce a thuilleadh. Ag an bpointe sin, bíonn an t-uisce ag rith trí gach bualchomhla agus thar an gcora.

Tá ról reachtúil ag Bord Soláthar an Leictreachais ó thaobh leictreachas a ghiniúint in Ard na Croise. Is é an reachtaíocht atá i gceist ná Acht Leictreachais na Sionainne, 1925, an tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927 agus an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1934. I dtéarmaí leathana, faoin reachtaíocht sin ceadaítear do Bhord Soláthar an Leictreachais leictreachas a ghiniúint ag Ard na Croise agus bainistiú a dhéanamh ar na coraí, ar na bualchomhlaí agus ar oibreacha eile a thagann faoi Scéim na Sionainne.

Is údarás loingseoireachta é Uiscebhealaí Éireann a bunaíodh faoi reacht. Tá sé freagrach as bainistiú, cothabháil agus forbairt na n-uiscebhealaí sin, chun críocha caithimh aimsire den chuid is mó.

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Uiscebhealaí Éireann

Téann Uiscebhealaí Éireann i gcomhairle le Bord Soláthair an Leictreachais ar bhonn laethúil agus tá cur chuige comhardaithe ann i dtaobh bainistíocht a dhéanamh ar leibhéil an uisce. Déanann Bord Soláthair an Leictreachais bainistíocht ar na leibhéil le haghaidh leictreachas a ghiniúint, agus cinntíonn sé go bhfuil na claífoirt agus na dambaí sábháilte. Déanann Uiscebhealaí Éireann bainistíocht ar na leibhéil le haghaidh loingseoireachta.

Gineann Bord Soláthair an Leictreachais leictreachas ag Ard na Croise trí uisce ón tSionainn a chur ar atreo thíos le sruth ó Loch Deirgeirt. Ar an gcaoi sin, maolaítear na tuilte ar an tSionainn íochtarach nuair a oibrítear stáisiún giniúna Ard na Croise trí uisce a chur ar atreo ón tseanabhainn. Murach stáisiún giniúna a bheith ag Ard na Croise, bheadh an tuile ag sreabhadh síos seanabhainn na Sionainne agus bheadh tuilte níos measa thíos le sruth.

Úsáideann stáisiún giniúna Ard na Croise suas le 400 méadar ciúbach uisce sa soicind (tonna sa soicind). Sin uisce nach dtéann isteach sa tseanabhainn, más ea. Dá bhrí sin, ní ghabhann an t-uisce sin trí cheantair áirithe ina raibh baol tuile san am atá thart. Le linn tuile ina bhfuil 800 méadar ciúbach uisce sa soicind ag sreabhadh (mar a tharla i mí na Nollag 2015), is féidir le Bord Soláthair an Leictreachais beagnach leath an uisce a chur ar atreo trí Ard na Croise agus amach ón tseanabhainn.

Ní chuireann Bord Soláthair an Leictreachais srian le sruth an uisce ar an abhainn, ach nuair a thagann sé chomh gada le Loch Deirgeirt, cuirtear an t-uisce ar atreo chuig Ard na Croise chun leictreachas a ghiniúint. Le linn tuilte móra, sreabhfaidh uisce breise – an méid a sháraíonn toilleadh Ard na Croise – le seanchúrsa na Sionainne. Rialaíonn na bualchomhlaí ag Cora an Phairtín an sruth sin. Is féidir leis na bualchomhlaí sin déileáil le méid an-mhór uisce. Mar sin ní bhailíonn an t-uisce san abhainn mar thoradh ar an oibríocht in Ard na Croise.

Cé go bhfuil tionchar ag Bord Soláthair an Leictreachais ar an leibhéal uisce in áiteanna ar an abhainn, ní rialaíonn sé an leibhéal uisce foriomlán ar an tSionainn agus ní hé sin an aidhm a bhí le Scéim na Sionainne ach oiread. Bíonn leibhéal na habhann ag brath go príomha ag an méid báistí a thiteann sa dobharcheantar. Cé go n-úsáideann Bord Soláthair an Leictreachais uisce na habhann chun leictreachas a ghiniúint nuair a thagann sé chomh fada le hArd na Croise, is ar chúrsa nádúrtha na habhann agus ar shrianta nádúrtha inti a bhraitheann luas an uisce agus é ag dul chomh fada le hArd na Croise. Tógann sé tamall fada de laethanta ar an uisce sreabhadh síos an tSionainn. Tharla sé scairtí go raibh tuilte i gceantar na gCalaí ó theas ó Bhaile Átha Luain ach nach raibh ach dóthain uisce in Ard na Croise chun an stáisiún giniúna a choinneáil ag táirgeadh níos lú ná leath a aschuir uasta.

Ní stórálann Bord Soláthair an Leictreachais uisce i Loch Aillionn ná i Loch Rí chun leictreachas a ghiniúint. Nuair a tógadh Scéim na Sionainne, bhí suim ag Bord Soláthair an Leictreachais sa leibhéal uisce sna lochanna le haghaidh leictreachas a ghiniúint mar gurbh ó Ard na Croise a tháinig an chuid ba mhó de sholáthar leictreachais na hÉireann ar dtús. Nuair a tógadh stáisiúin ghiniúna nua, ba lú tábhacht a bhain le leibhéil na lochanna. Mar sin, le tamall fada de bhlianta anuas níor stóráil Bord Soláthair an Leictreachais uisce i Loch Aillionn ná i Loch Rí chun leictreachas a ghiniúint.

Cuireann sé an chuid is mó den uisce a shreabhann amach as Loch Deirgeirt síos an canáil tarae uachtair (uiscebhealach saorga) chuig stáisiún giniúna Ard na Croise. Dá bhrí sin, braitheann an méid leictreachais a ghintear ar an sruth uisce. Bíonn an méid uisce a shreabhann ag brath ar leibhéal an uisce sa loch.

Cé go n-úsáideann Bord Soláthair an Leictreachais uisce na habhann chun leictreachas a ghiniúint nuair a thagann sé chomh fada le hArd na Croise, is ar chúrsa na habhann agus ar na srianta nádúrtha inti den chuid is mó a bhraitheann ráta sreafa an uisce a ghabhann go hArd na Croise. Tógann sé tamall fada de laethanta ar an uisce sreabhadh síos an tSionainn.

Is é an rud is mó a théann i bhfeidhm ar an leibhéal uisce sna lochanna ná an méid báistí a thiteann ar dhobharcheantar na habhann. Is beag an tionchar, más tionchar ar bith, a imríonn na bualchomhlaí ag Loch Aillionn agus Loch Rí nuair a bhíonn tuilte móra ar an tSionainn.

Is é an rud is mó a théann i bhfeidhm ar leibhéal an uisce i Loch Rí ná an méid báistí a thiteann ar an dobharcheantar thuas ar an abhainn ó Bhaile Átha Luain. Bíonn tionchar éigin ag Bord Soláthair an Leictreachais ar leibhéal an uisce i Loch Rí nuair nach mbíonn tuilte ar an abhainn. Sin de bharr na húsáide a bhaintear as na bualchomhlaí ag Cora Bhaile Átha Luain, atá beagán ó dheas ón mbaile. Déantar na bualchomhlaí a oibriú chun triail an leibhéal uisce i Loch Rí a laghdú ionas go mbeidh dóthain uisce ag na báid sa samhradh. É sin ráite, ní mór aird a thabhairt freisin ar an leibhéal uisce i gceantar na gCalaí thíos le sruth ó chora Bhaile Átha Luain, áit a mbíonn an talamh an-fhliuch san aimsir bháistí.

Nuair a ardaíonn an leibhéal uisce sna Calaí atá thíos le sruth ó Bhaile Átha Luain, dúntar na bualchomhlaí agus ní dhéantar a thuilleadh rialaithe ar na leibhéil uisce i Loch Rí. Ní dhéantar rialú ar an gcuid is mó den uisce ó Loch Rí a shreabhann thar an gcora 170m le taobh na mbualchomhlaí.

Le linn triomaigh, nuair a bhíonn an abhainn ag rith go mall, oibrítear na geataí chun cur lena luas thíos le sruth ó chora Bhaile Átha Luain.

Go hachomair, is féidir le Bord Soláthair an Leictreachais tionchar a imirt ar leibhéal an uisce i Loch Rí nuair nach mbíonn tuilte ann, ach ní bhíonn aon tionchar ag a chuid oibríochtaí ar cheantar Bhaile Átha Luain nuair a bhíonn tuilte ann. Bíonn Bord Soláthair an Leictreachais ag obair i ndlúthchomhar le hUiscebhealaí Éireann ó thaobh oibriú na mbualchomhlaí de.

Nuair a thosaíonn tuile, bíonn luas níos mó faoin uisce agus é ag sreabhadh isteach sna lochanna, ach toisc go bhfuil an abhainn cúng in áiteanna, go háirithe áit a bhfágann an t-uisce Loch Rí agus Loch Deirgeirt, ní mhéadaíonn an sruth uisce amach as na lochanna sin ach amháin leis an ardú ar leibhéal na lochanna. De réir mar a shreabhann tuilleadh uisce isteach sna lochanna, leanann na leibhéil uisce orthu ag ardú go dtí go mbaintear amach ‘cothromaíocht’ idir an sreabhadh isteach agus an sreabhadh amach. I gcás tuilte móra, bíonn leibhéil na lochanna réasúnta ard faoin am a mbaintear an chothromaíocht sin amach, beag beann ar leibhéal na lochanna ag tús na tuile.

Léiríonn staidéir a rinneadh gur beag an tionchar a bhíonn ag leibhéil an uisce i Loch Deirgeirt agus Loch Rí ag tús tuilte ar an sreabhadh uasta agus ar na leibhéil is airde uisce ina dhiaidh sin i gcás tuilte móra.

Sa samhradh, oibrítear bualchomhlaí Bhaile Átha Luáin chun iarracht a dhéanamh an leibhéal uisce i Loch Rí a laghdú go dtí an leibhéal íosta ag ar féidir le báid feidhmiú go sábháilte ar an loch sa samhradh. Agus é sin á dhéanamh, caithfear a chur san áireamh na leibhéil uisce i gceantar na gCalaí thíos le sruth ó chora Bhaile Átha Luain, ceantar a bhíonn an-fhliuch in aimsir bhaistí nó nuair a bhíonn an iomarca uisce ag teacht ó Loch Rí. Braitheann an leibhéal uisce sna Calaí go mór ar an méid báistí a thiteann. Chomh maith leis sin, sreabhann an tSuca agus an Bhrosnach isteach sa tSionainn sna Calaí agus cuireann siad go mór le sruth uisce na Sionainne sna háiteanna sin. Is mór an tionchar a bhíonn ag na craobh-aibhneacha sin ar na leibhéil uisce sna Calaí.

Nuair a ardaíonn an leibhéal uisce sna Calaí, dúntar na bualchomhlaí i mBaile Átha Luain. Coinnítear na bualchomhlaí dúnta i gcónaí le linn tuilte agus sreabhann an chuid is mó den uisce ó Loch Rí, gan rialú, thar an gcora 170m atá le taobh na mbualchomhlaí.

Ní bhíonn tionchar ag an leibhéal uisce i Loch Deirgeirt ar na leibhéil uisce sna Calaí os cionn Chora Mhílic, atá gar do Bheannchar i gContae Uíbh Fhailí. Os cionn Chora Mhílic, ní bhíonn aon tionchar ag oibríocht Bhord Soláthair an Leictreachais in Ard na Croise ná ag Bualchomhlaí Chora an Phairtín ar an leibhéal uisce. Nuair a chuirtear tuilleadh uisce i dtreo Chora an Phairtín, ní imrítear aon tionchar ar na leibhéil uisce i mBaile Átha Luain.

Tá Cora an Phairtín thíos le sruth ó Loch Deirgeirt agus is féidir le Bord Soláthair an Leictreachais leas a bhaint as chun an chuid is mó d’uisce na Sionainne a chur ar atreo trí chanáil shaorga chomh fada le hArd na Croise, chun leictreachas a ghiniúint.

Cuireann sé an oiread uisce is féidir ar atreo chuig stáisiún giniúna Ard na Croise. Le linn tuilte móra, áfach, bíonn níos mó uisce san abhainn ná mar is féidir le stáisiún Ard na Croise a thógáil agus sa chás sin leanann an t-uisce breise seanchúrsa na Sionainne. Déantar é sin trí na bualchomhlaí ag Cora an Phairtín a oibriú. Os cionn Chora Mhílic, ní bhíonn aon tionchar ag oibríocht Bhord Soláthair an Leictreachais in Ard na Croise ná ag Bualchomhlaí Chora an Phairtín ar an leibhéal uisce.

Dearadh stáisiún giniúna Ard na Croise le haghaidh sruth uisce suas le 400 méadar ciúbach sa soicind (nó tonna sa soicind). An sruth uasta uisce is féidir a chur trí Ard na Croise, bíonn sé ag brath den chuid is mó ar an difríocht idir an leibhéal uisce thuas ar an abhainn ón gcanáil shaorga agus an leibhéal uisce ag an stáisiún giniúna féin. Ionas go bhféadfaí níos mó uisce a chur chuig Ard na Croise, níor mhór difríocht níos mó a bheith idir na leibhéil uisce ag na pointí sin agus dá bhrí sin theastódh leibhéal uisce níos airde i Loch Deirgeirt. Ní bheadh leibhéal uisce chomh hard sin sábháilte i Loch Deirgeirt mar gheall ar bhaol tuilte ag an loch agus mar gheall ar an mbaol go mbeadh an leibhéal uisce ró-ard ag claífoirt áirithe feadh na habhann gar do Chora an Phairtín.

Tá roinnt bualchomhlaí ar Chora an Phairtín ó bhruach go bruach na Sionainne, thíos le sruth ó Loch Deirgeirt. Tógadh Cora an Phairtín ionas go bhféadfadh Bord Soláthair an Leictreachais an chuid is mó de shruth na Sionainne a chur ar atreo trí chanáil shaorga chomh fada le hArd na Croise, chun leictreachas a ghiniúint.

Agus an abhainn ag sreabhadh faoi ghnáthchúinsí, cuirtear ar atreo an chuid is mó den uisce a thagann as Loch Deirgeirt ionas go ngabhann sé tríd an gcanáil tarae uachtair (uiscebhealach saorga) chuig an stáisiún giniúna ag Ard na Croise.

Nuair a bhíonn an tSionainn ag cur thar bruach, socraítear stáisiún Ard na Croise chun an méid leictreachais is féidir a ghiniúint ionas gur féidir glacadh leis an oiread uisce atreoraithe agus is féidir. Nuair is mó an méid uisce a bhíonn ann ná mar a thógfaidh Ard na Croise, sreabhfaidh an t-uisce breise le seanchúrsa na Sionainne íochtaraí. Is leis na bualchomhlaí ag Cora an Phairtín a rialaítear é sin.

Mar gheall ar an stáisiún in Ard na Croise, déantar maolú ar na tuilte i gceantar na Sionainne íochtaraí trí chuid mhór den uisce a chur ar atreo ó cheantair thíos le sruth ó Chora an Phairtín atá i mbaol tuilte.

Os cionn Chora Mhílic, ní bhíonn aon tionchar ag oibríocht Bhord Soláthair an Leictreachais in Ard na Croise ná ag Bualchomhlaí Chora an Phairtín ar an leibhéal uisce.

Ní féidir uisce a stóráil ag Cora an Phairtín nuair a bhíonn tuilte ann mar nach bhfuil áit ansin chun méid mór uisce a choinneáil. Mura ligtear don uisce sreabhadh tríd an gcora, ardóidh na leibhéil uisce thuas ar an abhainn go tapa. Cuireann sé sin i mbaol sábháilteacht an damba agus an chlaífoirt agus cuireann is mó an seans a bhíonn ann go dtarlóidh tuile.

Nuair a thosaíonn tuile ag tarlú, méadaíonn luas an uisce ag gabháil isteach i Loch Deirgeirt, ach mar gheall go bhfuil an t-uiscebhealach cúng áit a n-imíonn an t-uisce as Loch Deirgeirt, ní mhéadaíonn an sruth uisce amach as an loch go dtí go n-ardaíonn leibhéal an locha. De réir mar a shreabhann tuilleadh uisce isteach sa loch, leanann an leibhéal air ag ardú go dtí go mbaintear amach ‘cothromaíocht’ idir an sreabhadh isteach agus an sreabhadh amach. I gcás tuile mhór, bíonn leibhéal an locha réasúnta ard faoin am go mbaintear an chothromaíocht sin amach, beag beann ar leibhéal an locha nuair a thosaigh an tuile.

Má dhéanann Bord Soláthair an Leictreachais iarracht níos mó uisce a bhaint amach ag Cora an Phairtín nó ag Ard na Croise ansin, tiocfaidh laghdú tapa ar leibhéal an uisce ag Abhantrach an Phairtín ionas nach mbeidh na claífoirt chréafóige sábháilte a thuilleadh, agus beidh an baol ann go gclisfí ar an damba.

De réir mar a bhíonn an t-uisce ag sreabhadh amach as Loch Deirgeirt chuig Abhantrach an Phairtín, cuireann Bord Soláthair an Leictreachais an oiread uisce is féidir ar atreo chuig stáisiún giniúna Ard na Croise chun leictreachas a ghiniúint. Le linn tuilte móra, áfach, is mó an méid uisce a shreabhann isteach in Abhantrach an Phairtín ná toilleadh Ard na Croise agus sa chás sin cuirtear an t-uisce breise ar atreo chuig seanchúrsa na Sionainne.

Léiríonn staidéir a rinneadh gur beag an tionchar a bhíonn ag leibhéal an uisce i Loch Deirgeirt ag tús tuilte ar shruth uasta agus leibhéal uisce uasta an locha nuair a tharlaínn tuilte móra.