Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
unnamed

An Riosca Tuile ar an tSionainn a bhainistiú

Thug Oifig na nOibreacha Poiblí faoin gClár Measúnaithe agus Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte Dobharcheantair (CFRAM) i gcomhpháirtíocht lena sainchomhairleoirí, le húdaráis áitiúla agus le páirtithe leasmhara eile. Rinneadh staidéar ar 80% de phríomhfhoinsí tuile na hÉireann ar fud 300 pobal sa tír mar chuid de.  Ba é sin an staidéar ba chuimsithí a rinne an Stát ar bhaol tuile riamh. 

Roinneadh an tír ina 6 limistéar staidéir réigiúnacha bunaithe ar cheantair abhantraí.  San áireamh ansin bhí staidéar ar Cheantar Abhantraí na Sionainne.

 

Leagtar torthaí an Chláir CFRAM amach ina 29 plean bainistíochta riosca i gcás tuilte. Sainaithnítear agus déantar cur síos ar an riosca tuilte a measúnaíodh i ngach ceann de na 29 abhantrach agus leagtar amach na bearta atá molta, idir bhearta neamhstruchtúracha agus bhearta struchtúracha, chun dul i ngleic leis an mbaol go dtarlóidh tuile.

 

Cur chuige straitéiseach a glacadh i gClár CFRAM.  Bhí sé ag teacht leis an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr, agus aithníodh ann an gá a bhí ann bogadh chuig cur chuige a bhí níos inbhuanaithe, a bhí bunaithe ar phlean agus ar rioscaí, agus ina ndeachthas i ngleic le cásanna ina bhfuil baol mór ann go dtarlóidh tuile. 

Cuimsíonn Ceantar Abhantraí na Sionainne dobharcheantar iomlán na Sionainne agus a hinbhear, agus clúdaíonn sé thart ar 17,800 km2 agus 20% d’oileán na hÉireann. Clúdaíonn an Ceantar Abhantraí codanna de 17 gcontae: Luimneach, an Clár, Tiobraid Árann, Uíbh Fhailí, an Iarmhí, an Longfort, Ros Comáin, Ciarraí, Gaillimh, Liatroim, an Cabhán, Sligeach, Maigh Eo, Corcaigh, Laois, an Mhí agus Fear Manach.

 

Bhí an Clár Measúnaithe agus Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte Dobharcheantair (CFRAM) dírithe ar na ceantair ina bhfuil baol mór go dtarlóidh tuile agus ar an tionchar a bheadh ag tuile orthu. Aithníodh iadsan trí mheasúnú a dhéanamh ar cheantair a raibh tuilte iontu san am atá thart agus ceantair a bhféadfadh drochthuilte sa bheith iontu amach anseo. Rinneadh measúnú ar 67 pobal san iomlán i gCeantar Abhantraí na Sionainne mar chuid den staidéar sin. 

The Flood Risk Management Plans for the Shannon include 34 new flood relief schemes to protect communities in the Shannon River Basin District. Of these, work has commenced on 22 schemes which are currently at various stages of development. The remaining schemes will be advanced during the second phase of implementation of the Flood Risk Management Plans. The work of the Group is informed by the Flood Risk Management Plans and is focussed on adding to the proposed flood protection measures.

Chuathas. Rinneadh an-chuid comhairliúchán poiblí le linn an phróisis chun na Pleananna Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte a ullmhú i gcomhair cheantar abhantraí na Sionainne.  San áireamh ansin bhí 144 Lá Comhairliúcháin Phoiblí ag a raibh an deis ag daoine den phobal páirt a ghlacadh sa phróiseas agus plé a dhéanamh ar thuilte a tharla roimhe sin agus ar chruinneas na léarscáileanna.  Ba é an toradh a bhí ar an gcomhairliúchán sin ná go bhfuair Oifig na nOibreacha Poiblí 156 aighneacht ó pháirtithe leasmhara. Ina measc siúd bhí daoine den phobal, ionadaithe tofa, údaráis áitiúla agus eagraíochtaí éagsúla.  Rinneadh machnamh ar thuairimí agus leasaíodh na Pleananna Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte dá réir sin nuair ba chuí.

 

Rinne an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe athbhreithniú neamhspleách ar na measúnuithe timpeallachta ar an leibhéal straitéiseach a rinneadh ar na Pleananna Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte. Cuireadh na Pleananna deiridh faoi bhráid an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go foirmiúil lena bhformheas de réir na gceanglas reachtúil. 

 

Tá na Pleananna Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte ar fáil don phobal ag www.floodinfo.ie.

Tá tairbhe éigin le baint as cothabháil aibhneacha agus sruthchúrsaí ionas nach in olcas a rachaidh acmhainneacht iompair na n-uiscebhealaí. Cé nach féidir leis an gcothabháil aisti féin ionaid réadmhaoine a chosaint agus cé nach mbeadh aon tairbhe ag baint léi i gcás drochthuilte, cosúil leis an gceann a tharla feadh na Sionainne i rith gheimhreadh na bliana 2015, aithnítear go bhféadfadh ról dearfach a bheith ag an gcothabháil chun maolú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bheadh ag tuilte nach bhfuil chomh dona, agus ag tuilte an tsamhraidh.

I gcás roinnt de na gníomhaireachtaí stáit a bhfuil baint acu leis an tSionainn, déanann siad an-chuid oibreacha cothabhála gach bliain. Tá sonraí na hoibre sin leagtha amach i gcláir oibre bhliantúla na Meithle, atá anseo [insert link]

 

In 2017, leag an Mheitheal amach clár spriocdhírithe gearrthéarmach de ghníomhaíochtaí cothabhála don tSionainn.  Fuarthas cead ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí cothabhála i seacht n-áit ina ndéanfaidís maitheas.  Gearradh crainn agus baineadh siolta agus fásra éiritheach i gcúig cinn de na láithreacha sin.  Tugadh faoin obair sin chun an acmhainn iompair a fheabhsú agus ionas nach dtiocfadh tuilleadh meatha ar an abhainn.

Nuair a bhí an clár cothabhála spriocdhírithe curtha i gcrích, d’aontaigh an Mheitheal ar mheasúnú a dhéanamh féachaint cén scóip agus scála a d’fhéadfadh a bheith ag clár cothabhála straitéiseach don tSionainn.  Ar bhonn thoradh an mheasúnaithe sin, bheartaigh an Mheitheal dul ar aghaidh le clár straitéiseach gníomhaíochtaí cothabhála chun feabhas a chur ar acmhainn iompair na Sionainne sa chaoi is nach in olcas a bheadh cúrsaí ag dul.  Crainn agus fásra a bhainistiú agus siolta a bhaint atá i gceist leis an obair sin den chuid is mó.

Idir 1945 agus 1995 chuir Oifig na nOibreacha Poiblí i gcrích 34 scéim draenála artairí i ndobharcheantair aibhneacha, mar aon le 5 scéim a bhain le claífoirt ag inbhir. Ba é príomhchuspóir na scéimeanna sin go léir maolú a dhéanamh ar thuilte ar thalamh feirmeoireachta agus sruth éalaithe a chur ar fáil chun an talamh a dhraenáil. Bhí tionchar dearfach aige sin ar níos mó ná 260,000 ha (650,000 acra) talún. Tá Oifig na nOibreacha Poiblí freagrach as cothabháil a dhéanamh ar bhreis agus 11,500 km d’uiscebhealaí, ar níos mó ná 750 km de chlaífoirt agus ar na droichid a ghabhann leo, chomh maith le bualchomhlaí, coraí, stáisiúin phumpála agus struchtúir eile a thagann faoi raon feidhme na scéimeanna sin. Caitheann Oifig na nOibreacha Poiblí os cionn €18m in aghaidh na bliana ar an obair chothabhála ina leith sin agus ar scéimeanna faoisimh tuile eile a tógadh faoi acht leasaithe (1995) agus a aistríodh chuig an gcéim chothabhála.

 

Déantar cothabháil ar uiscebhealaí le tochaltóirí atá rigeáilte go cuí chun siolta agus fásra a bhaint den ghrinneall ionas go mbeidh a acmhainn iompair bunaidh ag an uiscebhealach arís. Ní dhéantar an t-uiscebhealach atá ann a dhoimhniú ná a leathnú. Déantar oibríochtaí cothabhála Oifig na nOibreacha Poiblí i gcomhréir le Prótacail Bainistíochta Comhshaoil agus Nósanna Imeachta Caighdeánacha Oibriúcháin Oifig na nOibreacha Poiblí.

 

Taobh amuigh de na mórscéimeanna faoisimh tuile, tá údaráis áitiúla ag dul i ngleic le tuilte ina limistéir féin le tacaíocht ó Oifig na nOibreacha Poiblí faoin Scéim Mionoibreacha um Maolú Tuilte agus Cosaint an Chósta. Faoin scéim sin, cuirtear maoiniú ar fáil i gcomhair mionoibreacha nó staidéir i ndáil le maolú tuilte, ar cinn iad a chosnaíonn níos lú ná €750,000 an ceann, chun dul i ngleic le tuilte áitiúla agus le fadhbanna a bhaineann le cosaint an chósta.  Go dtí seo, tá maoiniú €35m formheasta ag Oifig na nOibreacha Poiblí i gcomhair breis agus 600 tionscadal i gCeantar Abhantraí na Sionainne. Tá dhá thrian de na tionscadail sin lasmuigh de na limistéir a ndearnadh staidéar orthu faoi CFRAM.

In 2019, d’aontaigh an Mheitheal go ndéanfaí measúnú hidrigheomoirfeolaíoch ar an tSionainn Íochtarach chun teacht ar chúis, ar ráta agus ar mhéid an tsrianta a tharla le himeacht ama mar gheall ar dhríodrú agus mar gheall ar an bhfásra a tháinig chun cinn dá bharr.  Críochnaíodh an staidéar sin in 2020 agus tá tuilleadh oibre ar bun chun féachaint ar na roghanna éagsúla, na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leo agus na costais tháscacha a bhaineann le gach rogha.

Chinn an Mheitheal in 2016 triail a bhaint as leibhéal an uisce i Loch Aillionn a ísliú chun cuidiú teacht roimh an mbaol go dtarlódh tuile le linn thréimhse an gheimhridh.

 

Rinneadh anailís inar léiríodh go bhféadfadh tionchar dearfach beag a bheith aige sin ar mhéid tuilte áirithe a d’fhéadfadh tarlú i rith geimhreadh ar bith. D’fhorbair Bord Soláthair an Leictreachais, Uiscebhealaí Éireann agus Oifig na nOibreacha Poiblí prótacal le haghaidh Comhlaí Bhéal an tSnámha a oibriú ag sceithbhealach Loch Aillionn chun na leibhéil uisce sa loch a laghdú thart ar 0.7m, ach aimsir mhaith a bheith ann. D’aontaigh an Mheitheal go leanfaí leis an triail, ar bhonn sealadach, go dtí go mbeadh sí thart.