Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Beartas Príobháideachais

 

Ráiteas Príobháideachais

Tá an suíomh gréasáin seo á chothabháil ag Oifig na nOibreacha Poiblí. Déanann Oifig na nOibreacha Poiblí lánurramú ar do cheart chun príobháideachais, agus ní bhaileoidh sí aon fhaisnéis phearsanta fút ar an suíomh gréasáin seo gan cead a fháil uait ar bhealach soiléir, sainráite.

Caithfear ar bhealach rúnda, slán le haon fhaisnéis phearsanta a thabharfaidh tú ar bhonn deonach, de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988-2018 agus an Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí (RGCS).

Baineann an ráiteas seo lenár gcleachtais phríobháideachais maidir leis an suíomh gréasáin seo. Mínítear ag deireadh an leathanaigh seo roinnt téarmaí teicniúla a úsáidtear sa ráiteas seo.

 

Bailiú agus úsáid faisnéise pearsanta

Ní bhailíonn an suíomh gréasáin seo aon sonraí pearsanta, seachas faisnéis a thugann tú go deonach, nuair a bhíonn aiseolas á sholáthar agat nó nuair a chláraíonn tú thú féin chun fógra faoi chomhairliúchán a fháil, mar shampla.

Ní úsáidtear aon fhaisnéis a sholáthraíonn tú ar an gcaoi sin ach chun na críche a shonraítear. Le haghaidh cineálacha eile faisnéise a bhailítear maidir le cuairteoirí ar an suíomh, féach thíos.

 

Faisnéis a bhailímid go rialta

Féadfaimid an fhaisnéis seo a leanas a bhailiú ó gach úsáideoir ar an suíomh seo:

  1. Faisnéis staitistiúil (seoladh IP agus óstainm, leagan brabhsálaí gréasáin, leathanaigh ar tugadh cuairt orthu srl.)
  2. Seoladh an tsuímh gréasáin ónar thug tú cuairt orainn, agus aon téarmaí cuardaigh a úsáideadh san áireamh

 

An úsáid a bhainimid as an bhfaisnéis

Bainimid úsáid as an bhfaisnéis sin chun anailís a dhéanamh ar phatrúin úsáide an tsuímh gréasáin chun cur lena éifeachtacht. Ní dhéanfaimid iarracht cuairteoirí aonair a aithint, ná na sonraí teicniúla atá liostaithe thuas a cheangal le haon duine aonair.

 

Is é ár mbeartas é gan faisnéis den sórt sin maidir le cuairteoirí aonair ar an suíomh gréasáin a nochtadh d’aon tríú páirtí mura sonraítear go sainráite é, nó mura bhfuil de dhualgas orainn faisnéis den sórt sin a nochtadh faoin dlí