Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
unnamed

Calaí na Sionainne

shannon callows

Cad iad Calaí na Sionainne?

Féarach is ea Calaí na Sionainne i limistéar íseal thuilemhánna na habhann, ina dtarlaíonn tuilte sa séasúr báistí. Tá an ceantar sin idir Baile Átha Luain, áit a dtagann an t-uisce amach as Loch Rí, agus Port Omna, áit a dtéann an t-uisce isteach i Loch Deirgeirt.

 

Tá cáil ar Chalaí na Sionainne mar gheall ar na héin fhiáine atá sa cheantar agus mar gheall ar an bhfiadhúlra go léir atá ann. Bíonn an-chuid lapairí goir ann agus an Pilibín, an Cosdeargán, an Crotach, an Gobadán agus an Guilbneach ina measc. Is iomaí speiceas éan imirce fiáin a thugann cuairt ar na Calaí agus tá an madra uisce, an sionnach, an firéad agus an mhinc fairsing ann freisin.

 

Tá Calaí na Sionainne ró-bhog den chuid is mó le haghaidh dianfheirmeoireachta ach baintear leas astu le haghaidh féar tirim nó sadhlais nó le haghaidh iníor samhraidh. Tagann an-athrú ar an leibhéal uisce sna Calaí, rud is cúis le dúshlán nuair a thagann babhtaí adhaimsire. Tá teorainn leis an mbainistiú is féidir a dhéanamh ar leibhéal an uisce ionas nach dtarlóidh tuile nuair a bhíonn báisteach mhór ann.

Déanann an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra beartas a ullmhú agus a bhainistiú a bhaineann leis an timpeallacht nádúrtha agus tá freagrachtaí uirthi ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Faoi na Treoracha maidir le hÉin agus Gnáthóga agus faoi na hAchtanna um Fhiadhúlra, tá Calaí na Sionainne ainmnithe ina Limistéar faoi Chosaint Speisialta, ina Limistéar Caomhantais Speisialta agus ina Limistéar Oidhreachta Náisiúnta. Is é an ról atá ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ná éiceachórais a chaomhnú agus an líon flóra agus fána a choinneáil seasta nó a fheabhsú. I measc na ngnáthóg tá turlaigh, eanaigh (ar minic a dtéann athrú ar an leibhéal uisce i bhfeidhm orthu), lochanna, aibhneacha, portaigh agus gnáthóga tuilemhá tábhachtacha ar nós Calaí na Sionainne.

Cad é tionscadal na gcaolas i gCalaí na Sionainne?

Tá an Rialtas ag cur €7m ar fáil chun clár a chur i bhfeidhm faoina ndéanfar cothabháil straitéiseach taobh thuas d’Ard na Croise. Cabhróidh sé sin le tuilte a laghdú agus gheofar réidh le roinnt caolas i gCalaí na Sionainne chun moill a chur ar thuilte sa cheantar. Úsáidfear thart ar €4m den mhaoiniú sin chun fáil réidh leis na caolais i réigiún na gCalaí.

 

I staidéar a rinneadh mar chuid de Staidéar Measúnaithe agus Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte Dhobharcheantair na Sionainne (CFRAM) agus i staidéar a rinne an Mheitheal um Chomhordú na nGníomhaireachtaí Stáit i leith Phriacal Tuile na Sionainne, díríodh aird ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith i gceist le fáil réidh le roinnt ‘caolas’ i réigiún na gCalaí agus beartaíodh tabhairt faoin tionscnamh sin.

 

Tá Grúpa Stiúrtha ceaptha chun maoirseacht a dhéanamh ar an tionscadal i réigiún na gCalaí. Tá treoir á tabhairt chun críche faoi láthair chun comhairleoir a cheapadh a dhéanfaidh an anailís tosaigh agus an dearadh. Beidh an tionscadal ag brath ar chead pleanála agus beidh Measúnacht Tionchair Timpeallachta agus Measúnacht Chuí ag teastáil faoi na Treoracha maidir le hÉin agus Gnáthóga. D’fhéadfadh sé go mbeadh toilithe breise ag teastáil faoi phíosaí eile reachtaíochta. Ní féidir tús a chur le haon obair go dtí go mbeidh gach toiliú cuí faighte.

shannon callows