Téarmaí Tagartha
An Mheitheal um Chomhordú na nGníomhaireachtaí Stáit i leith Phriacal Tuile na Sionainne
Bhunaigh an Rialtas an Mheitheal um Chomhordú na nGníomhaireachtaí Stáit i leith Phriacal Tuile na Sionainne go luath in 2016 chun feabhas a chur ar an gcomhoibriú leanúnach i measc na nGníomhaireachtaí Stáit ar fad a bhíonn ag plé leis an tSionainn.
Tá na comhaltaí seo a leanas sa Mheitheal agus is comhalta d’Oifig na nOibreacha Poiblí atá i mbun cathaoirleachta uirthi.
Comhaltaí na Meithle um Chomhordú na nGníomhaireachtaí Stáit i leith Phriacal Tuile na Sionainne:
Is Príomhfheidhmeannach nó duine ar leibhéal comhionann sna Gníomhaireachtaí Stáit seo a leanas iad comhaltaí na Meithle:
- Oifig na nOibreacha Poiblí
 - údaráis áitiúla, a bhfuil Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach ag déanamh ionadaíochta dóibh
 - Uiscebhealaí Éireann
 - Bord Soláthair an Leictreachais
 - Iascach Intíre Éireann
 - An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta
 - An Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil
 - Bord na Móna
 - An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil
 - Uisce Éireann
 
Féadfaidh Oifig an Ard-Aighne agus Ranna Rialtais eile a bheith rannpháirteach freisin, má iarrann an Cathaoirleach é.
Is iad seo a leanas Téarmaí Tagartha na Meithle:
Ar bhonn eolas ón gClár Náisiúnta Measúnaithe agus Bainistíochta Riosca Tuile i nDobharcheantair agus chun an baol tuile i ndobharcheantar na Sionainne a bhainistiú agus a mhaolú go héifeachtach, déanfaidh an Mheitheal an méid seo a leanas:
- Clár Oibre Riosca Tuile na Sionainne a fhorbairt agus a aontú (le príomhtháscairí feidhmíochta ó thaobh aschuir) chun díriú ar ghníomhartha agus gníomhaíochtaí chun riosca tuilte a bhainistiú i leith dhobharcheantar na Sionainne, agus chun na rioscaí sin a chur in ord tosaíochta.
 - Stiúradh agus treoir chomhordaithe a sholáthar lena chinntiú go gcuirfidh gníomhaireachtaí Stáit i bhfeidhm a gclár oibre comhpháirteach maidir le bainistíocht a dhéanamh ar riosca tuile, chun a ról reachtúil a chomhlíonadh.
 - Treoirlínte agus prótacail a ghlacadh agus/nó a fhorbairt chun bonn eolais a chur faoi chomhordú agus comhar níos fearr idir Gníomhaireachtaí Stáit agus/nó cuidiú leis sin.
 - Ar bhonn iniúchadh ar róil agus freagrachtaí maidir le bainistíocht a dhéanamh ar riosca tuile i ndobharcheantar na Sionainne, soiléireacht a lorg maidir le haon saincheisteanna dlí agus beartais chun bonn eolais a chur faoina cuid oibre.
 - Dul i gcomhairle le comhlachtaí eile, lena n-áirítear comhlachtaí deonacha agus pobail.
 - Treoir maidir le róil agus freagrachtaí a chur ar fáil do chomhlachtaí neamhreachtúla a bhfuil baint acu leis an riosca tuile a bhainistiú i ndobharcheantar na Sionainne.
 - Nuair a bheidh an Staidéar Measúnaithe agus Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte i nDobharcheantar na Sionainne (CFRAM na Sionainne) aontaithe, faireachán agus tuairisciú ráithiúil a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm.
 - Struchtúir eile a fhorbairt mar chur chuige éifeachtach i dtaobh a cuid oibre a chur chun cinn agus a threorú.