Clár Oibre agus Cothabháil
Ghníomhaíocht
Léiríonn clár fairsing oibre na meithle an obair leanúnach atá ar bun agus an comhar idir gach comhlacht Stáit chun dul i ngleic leis an mbaol go dtarlóidh tuilte i gceantar na Sionainne, i gcomhpháirt le chéile agus ar bhonn réamhghníomhach, faoi na téamaí gníomhaíochta seo a leanas:
- Oibreacha fisiceacha
- Cothabháil
- Bainistíocht uisce
- Réimsí rialála
- Beartas agus pleanáil
Tionscnaimh
Tá roinnt tionscnaimh chomhoibríocha á gcur chun cinn ag an meitheal faoi láthair, agus iad seo a leanas ina measc:
- Clár fadtéarmach cothabhála straitéisí a fhorbairt chun stop a chur le meath na Sionainne
- Gníomhaíochtaí cothabhála spriocdhírithe, gearrthéarmacha a shainaithint lena gcur i bhfeidhm in áiteanna ar leith
- Triail na leibhéil uisce a ísliú i Loch Aillionn
- Measúnú a dhéanamh ar bhearta breise a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le baol tuile i gCalaí na Sionainne
Cothabháil
Tá tairbhe éigin le baint as cothabháil aibhneacha agus sruthchúrsaí ionas nach in olcas a rachaidh acmhainneacht iompair na n-uiscebhealaí. Cé nach féidir leis an gcothabháil aisti féin ionaid réadmhaoine a chosaint agus cé nach mbeadh aon tairbhe ag baint léi i gcás drochthuilte, cosúil leis an gceann a tharla feadh na Sionainne i rith gheimhreadh na bliana 2015, aithnítear go bhféadfadh ról dearfach a bheith ag an gcothabháil chun maolú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bheadh ag tuilte nach bhfuil chomh dona, agus ag tuilte an tsamhraidh. Mar sin féin, is i gceantar tuaithe atá an tSionainn den chuid is mó agus tá go leor láithreán ann atá faoi chosaint. Ní mór toilithe reachtúla agus ceaduithe a fháil ó na húdaráis chuí chun aon bhearta a chur i bhfeidhm sna limistéir sin.