Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
unnamed

Maidir

Maidir leis an Meitheal um Chomhordú na nGníomhaireachtaí Stáit i leith Phriacal Tuile na Sionainne

Boat on river

Cúlra

Bhunaigh an Rialtas an Mheitheal um Chomhordú na nGníomhaireachtaí Stáit i leith Phriacal Tuile na Sionainne in 2016 chun feabhas a chur ar an gcomhoibriú leanúnach idir na Gníomhaireachtaí Stáit go léir a bhfuil baint acu leis an tSionainn agus chun réitigh chomhordaithe ar an mbaol tuile a thabhairt isteach a d’fhéadfadh cuidiú linn an baol tuile a bhainistiú i nDobharcheantar na Sionainne.  Bunaíodh an Mheitheal an tráth sin nuair a tharla drochthuilte le linn gheimhreadh 2015/16.  Tá obair na Meithle dírithe ar ghníomhartha agus gníomhaíochtaí a chur in ord tosaíochta chun cuidiú an baol tuile feadh na Sionainne a bhainistiú. 

Príomhról

Príomhról atá ag an Meitheal is ea faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bPleananna Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte a ullmhaíodh mar thoradh ar an gClár Náisiúnta um Measúnú agus Bainistiú Riosca i gcás Tuilte Dobharcheantair (CFRAM). Áirítear leis na Pleananna Bainistíochta Riosca i gcás Tuilte 34 scéim nua faoisimh tuile chun pobail ar fud Dhobharcheantar na Sionainne a chosaint.  Faoi na scéimeanna sin, mar aon leo siúd atá críochnaithe cheana féin nó atá á dtógáil, cosnófar 95% de na hionaid réadmhaoine atá i mbaol nach beag ó thuilte amach anseo.

Flood protection work aerial view

Léiríonn clár fairsing oibre na meithle an obair leanúnach atá ar bun agus an comhar idir gach comhlacht Stáit chun dul i ngleic leis an mbaol go dtarlóidh tuilte i gceantar na Sionainne, i gcomhpháirt le chéile agus ar bhonn réamhghníomhach, faoi na téamaí gníomhaíochta seo a leanas: