Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
unnamed

Clár Oibre agus Cothabháil

Man working on construction of flood relief

Ghníomhaíocht

Léiríonn clár fairsing oibre na meithle an obair leanúnach atá ar bun agus an comhar idir gach comhlacht Stáit chun dul i ngleic leis an mbaol go dtarlóidh tuilte i gceantar na Sionainne, i gcomhpháirt le chéile agus ar bhonn réamhghníomhach, faoi na téamaí gníomhaíochta seo a leanas:

Tionscnaimh

Tá roinnt tionscnaimh chomhoibríocha á gcur chun cinn ag an meitheal faoi láthair, agus iad seo a leanas ina measc:

Boat on river

Cothabháil

Tá tairbhe éigin le baint as cothabháil aibhneacha agus sruthchúrsaí ionas nach in olcas a rachaidh acmhainneacht iompair na n-uiscebhealaí. Cé nach féidir leis an gcothabháil aisti féin ionaid réadmhaoine a chosaint agus cé nach mbeadh aon tairbhe ag baint léi i gcás drochthuilte, cosúil leis an gceann a tharla feadh na Sionainne i rith gheimhreadh na bliana 2015, aithnítear go bhféadfadh ról dearfach a bheith ag an gcothabháil chun maolú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bheadh ag tuilte nach bhfuil chomh dona, agus ag tuilte an tsamhraidh. Mar sin féin, is i gceantar tuaithe atá an tSionainn den chuid is mó agus tá go leor láithreán ann atá faoi chosaint. Ní mór toilithe reachtúla agus ceaduithe a fháil ó na húdaráis chuí chun aon bhearta a chur i bhfeidhm sna limistéir sin.